stitcherLogoCreated with Sketch.
Get Premium Download App
Listen
Discover
Premium
Shows
Likes

Listen Now

Discover Premium Shows Likes

Scoth na Seachtaine

11 Episodes

58 minutes | Aug 2, 2019
Scoth na Seachtaine: Nuachainteoirí, Liú Lúnasa, Athrú Aeráide agus an Ghaeilge i gCeanada
Nuachainteoirí, Liú Lúnasa, Athrú Aeráide agus an Ghaeilge i gCeanada
60 minutes | Jul 26, 2019
Scoth na Seachtaine: An Gréasán Náisiúnta do Ghéarchéim Éignithe, Léiníní agus tuilleadh
Clíodhna Saidléir ar obair An Gréasán Náisiúnta do Ghéarchéim Éignithe. Dr Caitlín Nic Íomhair ar a clár No Egos, No Divas ar BBC R4. Alex Hijmans ar'Léiníní'. Brónagh Ní Chuillinn ar an Astráil.
57 minutes | Jul 19, 2019
Scoth na Seachtaine: Other Words,Tuarascáil an Coimisinéir Teanga agus tuilleadh
An scríobhnóir Cathal Poirtéir ar an ócáid litríochta Other Words. An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ar an tuarascáil bliaintúil. Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge ar pleanáil teanga. Dr Mairéad Nic Giolla Mhichil ar an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais atá á chuir ar fáil ag DCU. Dáire Ní Chanáin ar an bhfilíocht agus saol na bhfilí.
58 minutes | Jun 21, 2019
Scoth na Seachtaine: Féile na Gealaí, Hilary Bow, Oski Bravo
Scoth na seachtaine ar fad dirithe ar ceol. Péire agallamh ó Féile na Gealaí ceann le Lauren ní Chasaide agus an dara cheann le Oisin mac Giolla Bhríde. Agallamh a rinne Aonghus Crean le Hilary Bow faoin amhráin nua atá sí direach tar éis a eisiú agus chomh maith le sin labhair muid le Oski Bravo faoin amhrán nua All I know atá direach eisithe acu siúd chomh maith.
60 minutes | Jun 14, 2019
Scoth na Seachtaine: Craoltóireacht Gaeilge, Strokestown International Poetry Festival agus tuilleadh
Bhí deis ag Darren mac an Phríora labhairt le Harry McGee, iriseoir an Irish times, faoi na toghcháin áitiúla agus Eorpacha a raibh ar siúil in Éireann le déanai. Labhair Orlagh Woods le Catherine Connolly faoin tuarascáil a raibh á sheoladh an tseachtain seo maidir leis na dushláin atá ann i leith na craoltóireachta Gaeilge de. Labhair Aonghus Crean le Michelle Murphy ó Social Justice Ireland faoi na rudaí is tabhachtaí dár léi a mba chóir dúinn aird a tabhairt orthu. Freisin chuir Réaltán Ní Leannáin Pádraig mac Fhearghusa faoi agallamh faoin Duais de hÍde agus an Strokestown International Poetry Festival.
59 minutes | Jun 7, 2019
Scoth na Seachtaine: Pop-Up Gaeltacht na Breataine, Acht na dTeangacha agus tuilleadh
Labhair Lisa ar an chlár Fada is Fairsing le Evin ó Dúnaigh, faoi Pop up Gaeltacht na Breataine. ansin bhí Aonghus Crean faoi bhun agallamh le Ken Fitzgerald faoin gCómortás Dornálaíochta atá ar siúil i gClub Dornálaíochta Baile na Manach agus freisin bhí deis ag Réaltán Ní Leannáin láthreoir Fios feasa labhairt le Eamon ó Cúiv faoin Acht na dTeangacha agus ar na seirbhísí ateangaireachta sna cúirteanna faoi láthair. Freisin bhí Donagh Corby ar an mBricfeasta Blasta an tseachtain seo ag roinnt na scealta siamsaíochta ar fad linn.
54 minutes | May 3, 2019
Scoth na Seachtaine: Molscéal, Fleadh Baile Átha Cliatha agus tuilleadh
Beidh scéal le cloisteáil againn ó Deirdre ní Choistín atá ag obair mar eagarthóir ar Molscéal, Beidh an chathaoirleach de Craobh Seán Uí Threasaigh ,Seán ó Murchú, linn chun labhairt faoi Fleadh Baile Átha Cliatha a bheidh ar siúil ar an 7ú lá de mhí Bealtaine 2019. Beidh scéal ar chúrsaí reatha i dtuaisceart na hÉireann le cloisteáil ó Barra Mac Aodha Bhuí, in éineacht leis an tráchtaire Éoin ó Murchú agus an t-iar-ambasadóir Mairtín ó Fainín. Beidh an tagallamh a rinneadar leis an Dr Ronan Leahy, atá ag obair mar an taon doctúir do pháistí atá i gafa leis na galair neamhcoitianta den choras imdhíonadh le cloisteáil chomh maith.
58 minutes | Apr 26, 2019
Scoth na Seachtaine: focloir.ie, Gaeilge i Ciarraí Theas & Sture Urelande
Ar scoth na seachtaine an seachtain seo; bhí deis againn labhairt le Cormac Breathnach ó www.foclóir.ie faoin tionscadal atá ar bun acu faoi láthair. Labhair Victor Bayda, oifigeach pleanála teanga ó Ciarraí Theas, linn conas ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. Bhí an Ollamh Regina Uí Chollatáin linn ag labhairt faoin taighde a rinne an tOllamh Sture Urelande a bhí a bronnadh aige ar Choláiste UCD. Agus chualamar ó foireann an clár 'Iarnóin' a raibh ag dhéanamh díospóireacht ar na cúrsaí reatha is déanaí.
54 minutes | Apr 5, 2019
Toghcháin Eorpacha, Féile Anam, Siansa Gael Linn
Lisa Nic an Bhreithimh - Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn ag labhairt faoi na toghcháin Eorpacha agus an breatimeacht. Ceoltóir, craoltoir agus bunaitheoir Other Voices, Philip King i mbun cainte faoi Anam, féile ealaíne in Ollscoil Cathair BAC. Niamh de Búrca – Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta. Mionscéalta an tsaoil: Spéaclaí gréine, cumas teanga agus meon daoine I leith ollscoileanna ar leith—Ola Majekodumni, Aoibhín Redmond, Orlagh Woods podchraoladh rialta ar RNL—Mionscéalta an tsaoil Dé Luain
51 minutes | Mar 22, 2019
Téarmaí nua i nGaeilge, Sive, Lauren Ní Chasaide
Cad as a tagann téarmaí nua i nGaeilge, labhraímid le Gearóid Ó Cléirchín (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus Donncha Ó Cróinín (Priomhthéarmeolaí, An Coiste Téarmaíochta). Tá anailís ar chúrsaí peile agus craobh ceannais na gclub le Brian Barry agus Seán Denvir ar an Spota Dubh agus cloisfimid ón gceoltóir Lauren Ní Chasaide. Críochnaíonn an clár le giota ó seisiún stiúideo leis an amhránaí Sive a thug cuairt ar stiúideo Raidió na Life an tseachtain seo.
56 minutes | Mar 15, 2019
Saol an dlíodóra, Jingle Bang Jangle, SnaG, Pólcafunk, Canaletto, Venice & alcól
Saol an dlíodóra i mBaile Átha Cliath, Jingle Bang Jangle: dráma nua ar an ardán sa Taibhdhearc, Seachtain na Gaeilge agus ilchultúrachas á cheiliúradh i Scoil Chaoimhín i lár na Cathrach, Pólcafunk: leabhar nua do pháistí, Canaletto: cuairt ar Venice trí mheán na Gaeilge & Praghas an óil sa tír seo.
COMPANY
About us Careers Stitcher Blog Help
AFFILIATES
Partner Portal Advertisers Podswag Stitcher Originals
Privacy Policy Terms of Service Do Not Sell My Personal Information
© Stitcher 2022